← Bhí an-chion ag muintir an bhaile uirthi agus bhíodh sí ag caint leo go minic. 🔊
← Ní raibh aon deireadh leis an ngrá a bhí ag a seanmháthair di. 🔊
← Bhí an cailín beag chomh tógtha leis an gcochall gur ar éigean a bhain sí di é riamh. 🔊
← Is ar an gcúis sin a tugadh "Cochaillín Dearg" uirthi. 🔊
← Anois fan ar an gcosán agus téigh caol díreach go dtí an teach." 🔊
← An chéad rud eile chonaic sí mactíre mór gránna. 🔊
← "Dia duit, a Chochaillín," arsa an Mactíre. 🔊
← "Píosa beag eile síos an cosán seo san áit a bhfuil na trí chrann darach. 🔊
← Caithfidh go bhfuil cur amach agat ar an áit." 🔊
← arsa an mactíre leis féin, "cailín beag blasta í seo! 🔊
← Bheadh sí i bhfad níos blasta ná an tseanbhean. 🔊
← Ach má bhím glic agus má imrím mo chuid cartaí i gceart beidh mé in ann an bheirt acu a ithe." 🔊
← Piocfaidh mé an choróg is deise riamh di." 🔊
← D'iompaigh an mactíre ar a sháile agus bhailigh sé leis go teach na seanmháthar. 🔊
← a scairt an tseanbhean. 🔊
← D'oscail sí an doras agus i bpreab na súl d'alp an mactíre siar í. 🔊
← Chuaigh sé ansin go dtí an cófra agus chuir sé air éadaí na seanmháthar. 🔊
← Chuir sé cochall ar a cheann agus luigh sé siar ar an leaba. 🔊
← Chonaic sí go raibh an doras oscailte roimpi agus bhuail sí isteach. 🔊
← "Dia duit ar maidin, a Mhamó," ar sise ach níor thug an mactíre aon fhreagra uirthi. 🔊
← Chuaigh sí anonn go dtí an leaba agus bhí a seanmháthair ansin faoin bpluid agus a ceann clúdaithe aici. 🔊
← "Agus an fionnadh atá ar do lámha móra, a Mhamó!" 🔊
← Léim an mactíre amach as an leaba agus d'alp sé siar í in aon bholgam amháin. 🔊
← Bhí an mactíre lán go béal agus é sona sásta leis féin. 🔊
← Luigh sé siar ar an leaba agus thit a chodladh air. 🔊
← Ba ghearr gur thosaigh sé ag srannadh agus bhí an gleo a tháinig uaidh chomh hard sin gur chuala fear seilge a bhí ag dul thar bráid é. 🔊
← "Nach ard an gleo sin atá ag teacht ón tseanbhean," ar seisean leis féin, "caithfidh mé dul isteach le féachaint an bhfui sí ceart go leor." 🔊
← A luaithe is a bhí sé laistigh den doras chonaic sé an mactíre ina chodladh agus gach aon srann as. 🔊
← D'alp tú siar an tseanbhean." 🔊
← Sheas an cailín beag álainn amach. 🔊
← Tháinig an tseanmháthair amach ansin agus í ag béicíl. 🔊
← "A Mhuire Mháthair," ar sise, "chuirfeadh sé sin an croí trasna ionat." 🔊
← Bhí an mactíre ansin fós ag srannadh agus a bholg ar leathadh. 🔊
← Bhailigh Cochaillín Dearg agus fear na seilge clocha móra agus chuir siad isteach ina bholg iad ach dhúisigh sé sin é agus amach an doras leis. 🔊
← Thit sé de phleist agus an dé deiridh imithe as. 🔊
← Tháinig an triúr chucu féin tar éis píosa. 🔊
← D'ith siad an císte agus d'ól fear na seilge agus an tseanmháthair an buidéal fíona eatarthu. 🔊
← An bhrí: Ní féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga. 🔊